Margaret Dobbs

scoláire agus drámadóir Éireannach

Scoláire agus drámadóir Éireannach ba ea Margaret Emmeline Dobbs (19ú Samhain 1871 – 2a Eanáir 1962), aitheanta go formhór as ucht a cuid iarrachtaí chun an Ghaeilge a chaomhnú.[1][2][3]

Infotaula de personaMargaret Dobbs
Beathaisnéis
Breith19 Samhain 1871
Contae Aontroma, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Eanáir 1962
90 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmdrámadóir, duine léannta Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairConway Edward Dobbs  agus Sarah Mulholland

Rugadh Dobbs ag 41 Sráid Líosainn Íochtarach i mBaile Átha Cliath ar an 19ú Samhain 1871, an ceathrú páiste le Conway Edward Dobbs, dlíodóir, agus Sarah Mulholland.[2][4] Bhí a hathair ina Giúistís Síochána i gContae Aontroma, Ard-Sirriam i gCarraig Fhearghais sa bhliain 1875 agus Ard-Sirriam i gContae Lú sa bhliain 1882. Iníon le St. Clair Kelvin Mulholland Eglantine as Contae an Dúin ba ea a máthair, Sara.[2][5]

D'fhan an chlann ina cónaí i mBaile Átha Cliath tar éis bhreith Margaret.[6][7] Tar éis bhás a athar sa bhliain 1898, ámh, bhog a máthair an chlann ar ais go Gleann Aireamh.[8][9][10]

Ní raibh ach pas beag ban Protastúnach ann a raibh spéis acu i nAthbheochan na Gaeilge, Dobbs ionas measc.[11][12] Chuaigh Dobbs go dtí an Ghaeltacht i gContae Dhún na nGall chun Gaeilge a fhoghlaim, Hugh Flaitile ina chéad mhúinteoir. brought the idea of promoting the language go Gleannta Aontroma and her circle of friends.[8][9]

Bhí Dobbs ina ball bunaitheora den bhFeis Mhór na nGleann i nAontroim sa bhliain 1904, agus níos deireanaí ina rúnaí liteartha. Sa bhliain 1946, bhronn coiste na Feise onóir uirthi, le feiceál fós ina baile, Teachh Portnagolan. Ina óráid ghlactha, dúirt sí:[8][9][10][13]

Ireland is a closed book to those who do not know her language. No one can know Ireland properly until one knows the language. Her treasures are hidden as a book unopened. Open the book and learn to love your language

Scríobh Dobbs seacht ndráma, foilsithe ag Dundalgan Press sa bhliain 1920, cé nár cuireadh ach trí cinn ar an stáitse. Bhuaigh The Doctor and Mrs McAuley corn Warden ag Feis Bhéal Feirste sa bhliain 1913, ach níor éirigh lena drámaí ach d'éirigh sí as á scríobh. Lean sí léi ag obair ar léann staire agus seandálaíochta, agus foilsíodh a chuid alt i n-iriseán amhail is Ulster Journal of Archaeology, i n-iriseán na Gearmáine (Zeitschrift für celtische Philologie), Revue Cletique na Fraince agus Ériu na hÉireann.[8][9][14]

Cara dílis léi ba ea Roger Casement agus chuir sí dá chostais chosanta nuair a cuireadh tréas ina leith.[8][9][10][15] Cé nach her political views were not clearly known, bhí Dobbs ina ball de Chonradh na Gaeilge agus ar choiste gnó Chumann na mBan.[13][16][17]

Fuair sí bás abhaile in, Portnagolan House, Bun Abhann Dalla, ar an 2a Eanáir 1962.[9]

  1. Sean Mac Reamoinn (20ú Márta 1996). "An Irishman's Diary". Dáta rochtana: 3ú Samhain 2016.
  2. 2.0 2.1 2.2 Montgomery-Massingberd, Hugh. "Burke's Irish Family Records". Burkes Peerage Ltd, 1976.
  3. "Dictionary of Irish Biography - Cambridge University Press". Dáta rochtana: 3ú Samhain 2016.
  4. "Irish Genealogy". Dáta rochtana: 3ú Samhain 2016.
  5. Dermot Walsh. "DOBBS, Margaret (1871-1962)". Dáta rochtana: 3ú Samhain 2016.
  6. "National Archives: Census of Ireland 1911". Dáta rochtana: 3ú Samhain 2016.
  7. "Irish Genealogy". Dáta rochtana: 3ú Samhain 2016.
  8. 8.0 8.1 8.2 8.3 8.4 "Margaret Dobbs". Dáta rochtana: 3ú Samhain 2016.
  9. 9.0 9.1 9.2 9.3 9.4 9.5 "Feis Na NGleann: A Century of Gaelic Culture in the Antrim Glens" 37– (2005).
  10. 10.0 10.1 10.2 Kate Newmann. "The Dictionary of Ulster Biography". Dáta rochtana: 3ú Samhain 2016.
  11. Peter Hulme (15ú Meán Fómhair 2007). "Writing, Travel and Empire: Colonial Narratives of Other Cultures": 180–. I.B.Tauris. 
  12. Matthews (2010). "Renegades: Irish Republican Women 1900-1922": 94–. Mercier Press Ltd. 
  13. 13.0 13.1 J. MacPherson (16ú Deireadh Fómhair 2012). "Women and the Irish Nation: Gender, Culture and Irish Identity, 1890-1914": 117–. Springer. 
  14. "Dobbs (Margaret E.) • CODECS: Online Database and e-Resources for Celtic Studies". Dáta rochtana: 3ú Samhain 2016.
  15. Angus Mitchell (23ú Eanáir 2014). "Roger Casement: 16Lives": 110–. O'Brien Press. 
  16. "The Irish Women's History Reader" (January 2001): 63–. Psychology Press. 
  17. "Ireland 1916 Rising History Dublin". Dáta rochtana: 3ú Samhain 2016.