William Dargan

innealtóir iarnróid Éireannach

D’fhéadfaí a rá gurb é William Dargan (Sloinne i nGaeilge: Ó Deargáin) (28 Feabhra 1799 – 7 Feabhra 1867) an t-innealtóir Éireannach ba thábhachtaí sa 19ú haois agus is cinnte gurb é an phearsa ba thábhachtaí i dtógáil iarnród. Dhearadh agus thóg Ó Deargáin an chéad líne iarnróid in Éirinn ó Bhaile Átha Cliath go Dún Laoghaire sa bhliain 1833. San iomlán thóg sé os cionn 1,300   km de bhóthar iarainn chuig lárionaid uirbeacha thábhachtacha na hÉireann. Bhí sé ina bhall de Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath agus chuidigh sé le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann a bhunú. Bhí sé freagrach freisin as Taispeántas Mór Bhaile Átha Cliath a tionóladh ag faiche Laighean sa bhliain 1853. Tugadh onóir dá éachtaí i 1995, nuair a osclaíodh Droichead Iarnróid Ó Deargáin (Dargan Railway Bridge ) i mBéal Feirste, agus arís i 2004 nuair a d’ainmnigh an droichead staghcháblaí nua an 'William Dargan Bridge' ina onóir.

Infotaula de personaWilliam Dargan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Feabhra 1799
Contae Cheatharlach Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Feabhra 1867
67 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairminnealtóir sibhialta, innealtóir Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 5747171 Cuir in eagar ar Wikidata

Beathaisnéis

cuir in eagar

Rugadh Ó Deargáin i gContae Cheatharlach an 28 Feabhra 1799. Ba é an duine ba shine é i dteaghlach mór feirmeoirí tionóntacha ar eastát Iarla Chúil an tSúdaire. D’fhreastail sé ar scoil scairte áitiúil san Ghráig in aice le Ceatharlach, áit ar rug sé an barr leis san mhatamaitic agus sa chuntasaíocht. D'oibrigh sé ina dhiaidh sin ar fheirm 101 acra a athar sula bhfuair sé post in oifig suirbhéir i gCeatharlach. Le cúnamh ó dhaoine suntasacha áitiúla, go háirithe John Alexander, muilleoir mór le rá i gCeatharlach, agus Henry Parnell TP do Chontae Laoise thosaigh Ó Deargáin ag obair leis an innealtóir Albanach Thomas Telford ar thaobh Caergybi den bhóthar Londain-Caergybi. D'oibrigh sé ansin idir 1819 agus 1824. Sa bhliain 1824 d’iarr Telford ar Ó Deargáin tús a chur le hobair ar Bhóthar Bhinn Éadair, ó Ráth Eanaigh go Cill Fhionntain i mBaile Átha Cliath.[1][2] Thuill an Deargánach óg suim réasúnta mór de £ 300 as a chuid oibre ar an mbóthar seo agus chuir sé seo an caipiteal ar fáil d’infheistíochtaí oibreacha poiblí sa todhchaí. Chuir Henry Parnell TP síos ar an mbóthar seo mar “mhúnla do bhóithre eile i gcomharsanacht Bhaile Átha Cliath”. Timpeall an ama chéanna chuir Ó Deargáin bhí sé páirteach sna bóithre i mBaile Átha Cliath, Ceatharlach agus Lú mar shuirbhéir. D’fhreastail sé freisin mar bhainisteoir cúnta ar feadh thart ar thrí bliana ar an Birmingham & Liverpool Junction Canal agus ar an Middlewich Branch ar dhá chanáil iad i lár tíre Shasana.

Ar 13 Deireadh Fómhair 1828, phós an Deargánach Jane Arkinstall in Eaglais Anglacánach Church of St Michael & All Angels, Adbaston, Staffordshire.[2] Níor tháirg sé féin ná Jane sliocht ar bith.

Nuair a tháinig sé ar ais go hÉirinn, bhí go leor dá chuid ama caite le mionthionscadail tógála, lena n-áirítear atógáil phríomhshráid Dhroichead na Banna agus brainse Chill Bheagáin (13 ciliméadar ar fhad) den Chanáil Mhór.[2] I ndiaidh parlaimint na hÉireann phlean a seoladh don chéad iarnród, Dublin & Kingstown Railway sa bhliain 1825, d'infheistigha sé níos mó agus níos mó sa tionscadal seo. Chun troid i gcoinne an amhras ar aon chlár iarnróid in Éirinn, chaith Ó Deargáin roinnt mhaith ama gan íocíocht ar bith, chun an chéad iarnród seo in Éirinn a chur chun cinn, ag obair in éineacht leis an innealtóir Charles Vignoles ag pleanáil an bhealaigh. Tar éis iarracht leanúnach Uí Dheargáin osclaíodh an Dublin & Kingstown Railway ar 17 Nollaig 1834, le ocht traenacha i ngach treo, ar iomláine.

  1. Mulligan, Fergus (2009). "Dargan, William". Dictionary of Irish Biography - Cambridge University Press. Dáta rochtana: 2020-05-18.
  2. 2.0 2.1 2.2 Mulligan (2015). "William Dargan: An Honourable Life". Studies: An Irish Quarterly Review 104 (413): 40–50.