Jump to content

An difríocht idir athruithe ar: "Imoibriú slabhrúil polaiméaráise"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m teimpléad
m tagairt
 
Líne 1: Líne 1:
Táirgeadh easpónantúil blúire [[Aigéad dí-ocsairibeanúicléasach|DNA]] dhédhualaigh ó theimpléad DNA ar leith is ea '''imoibriú slabhrúil polaiméaráise''' (PCR). Measctar an teimpléad le príméir 5 is 3 DNA olaganúicléitíde, 20-40 bunphéire ar fad, a shainíonn deireadh an bhlúire, núicléitídí aonaracha, agus [[einsím]] theaschobhsaí a dtugtar ''DNA polaiméaráise'' uirthi. Ardaítear an [[teocht]] a dhóthain chun dhá dhual an DNA héilicse a scaradh óna chéile, agus ansin ligtear do na príméir [[ainéaladh]] ar an DNA teimpléid, is don pholaiméaráis oibriú, agus méadaíonn an líon cóipeanna den DNA in [[imoibriú slabhrúil]]. Is féidir [[Aigéad ribeanúicléasach|RNA]] a úsáid mar theimpléad freisin, ach is gá cóip DNA de a tháirgeadh ar dtús trí úsáid a bhaint as an einsím cúltrascrioptáis: tugtar ''RT-PCR'' ar an bpróiseas seo.

== Tagairtí ==
== Tagairtí ==

Leagan reatha ó 03:38, 15 Meitheamh 2023

Táirgeadh easpónantúil blúire DNA dhédhualaigh ó theimpléad DNA ar leith is ea imoibriú slabhrúil polaiméaráise (PCR). Measctar an teimpléad le príméir 5 is 3 DNA olaganúicléitíde, 20-40 bunphéire ar fad, a shainíonn deireadh an bhlúire, núicléitídí aonaracha, agus einsím theaschobhsaí a dtugtar DNA polaiméaráise uirthi. Ardaítear an teocht a dhóthain chun dhá dhual an DNA héilicse a scaradh óna chéile, agus ansin ligtear do na príméir ainéaladh ar an DNA teimpléid, is don pholaiméaráis oibriú, agus méadaíonn an líon cóipeanna den DNA in imoibriú slabhrúil. Is féidir RNA a úsáid mar theimpléad freisin, ach is gá cóip DNA de a tháirgeadh ar dtús trí úsáid a bhaint as an einsím cúltrascrioptáis: tugtar RT-PCR ar an bpróiseas seo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Imoibriú slabhrúil polaiméaráise". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 366.