Jump to content

An difríocht idir athruithe ar: "Áine"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
That image is used in "Myths and legends; the Celtic race" (1910; page 128) to illustrate the story of the drowing of Sinann (Sinend). From whom the Shannon river gets its name. It's clearly a woman sinking in water. It's not Áine. https://archive.org/details/mythslegendscelt00roll/page/n158/mode/1up
Líne 5: Líne 5:


Iníon Egobail (mac altrama [[Manannán mac Lir|Mhanannán mac Lir]]) atá inti, agus deirfiúr [[Aillen]] (ball de [[Tuatha Dé Danann]] a bhí maraithe ag [[Fionn mac Cumhaill]]).
Iníon Egobail (mac altrama [[Manannán mac Lir|Mhanannán mac Lir]]) atá inti, agus deirfiúr [[Aillen]] (ball de [[Tuatha Dé Danann]] a bhí maraithe ag [[Fionn mac Cumhaill]]).

[[Íomhá:Myths and legends; the Celtic race (1910) (14760458156).jpg|mion|Rolleston, T. W., Myths and legends; the Celtic race (1910)]]


Tá baint láidir ag Áine le [[Contae Luimnigh]]. Tá Cnoc Áine<ref>[https://www.logainm.ie/1623.aspx Cnoc Áine] ar logainm.ie</ref> ainmnithe in ómós di, agus adhradh ann í le deasghnátha tine agus beannú na talún, chomh gairid is 1879.<ref name="Meehan">Meehan, Cary, [http://themodernantiquarian.com/site/7737/cnoc_aine.html Cnoc Áine], Contae Luimnigh, ar themodernantiquarian.com</ref> Cuimhnítear í sa cheantar seo mar Bhanríon na [[Sióg]]. Tá gaol aici chomh maith le háiteanna amhail is Tobar Áine, [[Contae Thír Eoghain]];<ref>{{cite web |
Tá baint láidir ag Áine le [[Contae Luimnigh]]. Tá Cnoc Áine<ref>[https://www.logainm.ie/1623.aspx Cnoc Áine] ar logainm.ie</ref> ainmnithe in ómós di, agus adhradh ann í le deasghnátha tine agus beannú na talún, chomh gairid is 1879.<ref name="Meehan">Meehan, Cary, [http://themodernantiquarian.com/site/7737/cnoc_aine.html Cnoc Áine], Contae Luimnigh, ar themodernantiquarian.com</ref> Cuimhnítear í sa cheantar seo mar Bhanríon na [[Sióg]]. Tá gaol aici chomh maith le háiteanna amhail is Tobar Áine, [[Contae Thír Eoghain]];<ref>{{cite web |

Leagan ó 15:53, 19 Márta 2024

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarÁine
Cineálbandia
carachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairDaghdha Cuir in eagar ar Wikidata

Ba bhandia Gaelach an fhlaithis, ghrá, tsaibhris agus tsamhraidh í Áine. Maítear mar Chinn Óir í ag cuid mhaith de chlanna Éireannacha.

Tá baint aici leis an ngrian[1] agus lár an tsamhraidh, agus léirítear uaireanta í mar láir dhearg. Mar bhandia an fhlaithis, féadann sí cumhacht an rí agus a bhronnadh agus a thógáil.[2]

Iníon Egobail (mac altrama Mhanannán mac Lir) atá inti, agus deirfiúr Aillen (ball de Tuatha Dé Danann a bhí maraithe ag Fionn mac Cumhaill).

Tá baint láidir ag Áine le Contae Luimnigh. Tá Cnoc Áine[3] ainmnithe in ómós di, agus adhradh ann í le deasghnátha tine agus beannú na talún, chomh gairid is 1879.[2] Cuimhnítear í sa cheantar seo mar Bhanríon na Sióg. Tá gaol aici chomh maith le háiteanna amhail is Tobar Áine, Contae Thír Eoghain;[4] Dún Áine,[5] Contae Lú; Lios Áine, Contae Dhoire; agus Cnoc Áine gar de Theileann,[6] Contae Dhún na nGall.

Seanscéalta

I luathscéalta, faightear í i dteannta le Rí leathmhiotasach na Mumhan, Ailill Aulom. Deirtear gur éithigh sé í, ach gur bhain sí a chluas ag deireadh an fhogha, agus dá bharr a bhua-ainm, Aulom[7]. De réir an dlí SeanGhaelaigh, níorbh fhéidir ach duine "gan smál" bheith i gceannas. Mar gheall air an gcithréim seo a d fhág Áine air, bhí sé neamhinniúil bheith ina rí. Maíonn sleachta Ailealla, na hEóganachta, gurb í Áine a sinsear.[8]

I scéalta eile, is bean chéile Ghearóid Mhic Ghearailt, 3ú hIarla Dheas-Mhumhan í Áine. In ionad pósta chomhthoiliúil, d'éithigh sé í (bunaithe ar scéal Ailealla is léir), agus bhain sí díoltas amach á iompú ina ghé, nó á mharú, nó an dá rud.[1] Maíonn an chlann Mhic Ghearailt go bhfuil nasc acu le hÁine; in ainneoin a mbunús Normannach, d'aithneofaí an chlann úd a bheith "Níos Gaelaí ná na Gaeil féin."

I leagan eile fós dá scéal, bean chéile nó iníon Mhanannán mhic Lir an ea í. Ceiliúradh Oíche Fhéile Eoin ina honóir.[9] I gContae Luimnigh, cuimhnítear í ar na mallaibh mar Bhanríon na Sidhe.

Bandéithe gaolmhara

Deirtear scaití i ndearmad gurb ionann Áine agus Danu, óir go bhfuil breac-chosúlacht idir a hainm agus Anu.[1]

D'fhéadfadh é go bhfuil "Áine", a bhfuil cáil aici mar an sidhe is cumhachtaí na nUladh, leagan den phearsa chéanna.[10]

Creidtear gurb í Grian, bandia, nó deirfiúr Áine, léiriú eile d'Áine, nó fiú "Macha i mbréagriocht".[11] B'fhéidir é go raibh ról séasúrach déach-bandé ag an mbeirt acu, (amhail is Cailleach agus Brigit), ag léiriú "dhá ghrian na bliana": Áine an ghrian mhór, agus Grian an ghrian bheag.[11]

Foinsí

  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2a eagrán athbhreithnithe, 2001.
  • Ellis, Peter Berresford, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, (1994): ISBN 0-19-508961-8
  • MacKillop, James. Dictionary of Celtic Mythology. Oxford: Oxford University Press, 1998. ISBN 0-19-280120-1.
  • O hÓgáin, Dáithí "Myth, Legend and Romance: An Encyclopedia of the Irish Folk Tradition", Prentice Hall Press, (1991) : ISBN 0-13-275959-4 (an chéad foclóir amháin le fáil le tagairtí ar gach iontráil)
  • Wood, Juliette, The Celts: Life, Myth, and Art, Thorsons Publishers (2002): ISBN 0-00-764059-5

Tagairtí

  1. 1.0 1.1 1.2 MacKillop, James (1998) Dictionary of Celtic Mythology Oxford: Oxford University Press ISBN 0-19-280120-1 ll. 10, 16, 128
  2. 2.0 2.1 Meehan, Cary, Cnoc Áine, Contae Luimnigh, ar themodernantiquarian.com
  3. Cnoc Áine ar logainm.ie
  4. "Ainm Index - Water Names: "T"". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-09. Dáta rochtana: 2019-08-06.
  5. Dún Áine ar logainm.ie
  6. Teileann ar logainm.ie
  7. au, lomm ar eDIL
  8. Byrne, Francis John (2001) Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2nd revised edition
  9. "June 23rd: Midsummer Irish Style".
  10. Charles Squire. Celtic Myth and Legend. The Gaelic Gods: Chapter XV. the Decline and Fall of the Gods, lch. 245.
  11. 11.0 11.1 MacKillop (1998) ll. 10, 70, 92