The Gorta Group
Appearance
Sonraí | |
---|---|
Cineál | eagraíocht |
Táscaire eacnamaíoch | |
Ioncam iomlán | 20,813,000 € (2020) |
Is grúpa eagraíochtaí a oibríonn i 17 tír, go háirithe san Afraic fho-Shahárach é The Gorta Group.
Bhí cónascadh idir na heagraíochtaí carthanachta talmhaíochta Gorta agus Self Help Africa in 2014. Úsáidtear an teideal Self Help Africa le haghaidh an cónascadh agus iad ag obair ar an talamh san Afraic.
In 2021, cónascadh an eagraíocht United Purpose leis an ngrúpa. Tá an eagraíocht Partner Africa agus an fiontar sóisialta Trutrade ina mbaill den ghrúpa freisin.
Oibríonn The Gorta Group trí na baill eagraíochta i 17 tír san Afraic i réimse na talmhaíochta agus thacaigh siad le breis agus 5 milliún duine in 2021.
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Gorta Group
- Dóchas - The Irish Association of Non-Governmental Development Organisations
- Tacaíocht d'Eagraíochtaí eile na Sochaí Sibhialta - Cúnamh Éireann