Jump to content

Fuaigh Mòr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachFuaigh Mòr
Íomhá
CineálOileán Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deInse Ghall Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilInse Ghall Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinInse Ghall, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 58°13′N 6°53′W / 58.21°N 6.89°W / 58.21; -6.89
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata

Is oileán é Fuaigh Mòr [1] atá suite sna hOileáin Siar, i ngar den Leòdhas, Comhairle nan Eilean Siar. Tá achar 84 heicteár aige agus airde 67 méadar ag an bpointe is airde.

Stair

Fothracha tithe agus áith arbhair, ar an taobh thoir den oileán

Sa bhliain 1841, ba é Fuaigh Mòr láthair eachtra le linn Fhuadach na nGael, ábhar a dhúisíonn go leor searbhais, sa cheantar máguaird go fóill.

Tá an t-oileán neamháitrithe faoi láthair, agus ní úsáidtear anois é ach le haghaidh féaraigh.

Tíreolaíocht agus geolaíocht

[[File:Vuiamor2.jpg|left|thumb|200px|Iarsmaí tithe agus locaí caorach]T Naghas Leòdhasach atá sa charraig.

Tá an t-oileán féin L-chruthach, ag barrchaolú i dtreo an tuaiscirt. Tá ceann tíre beag sínte ó thuaidh san oirdheisceart, ar a dtugtar Rubha na h-Athadh, a bhfuil carn air. Tá cúpla pluais sa tuaisceart chomh maith. Tá aillte ar an gcósta thiar ar nós Chreag na h-Iolaire.

Tá go leor sceireacha agus soileán beag in aice leis, a leithéid agus Geile Sgeir, Garbh Eilean, Eilean nam Feannag, Linngeam, Cliatasaigh, Grousam, agus Fuaigh Beag. Tá Eunaigh Mòr idir an t-oileán agus Beàrnaraigh Mòr.

Tagairtí

  1. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".