Billy Fox

polaiteoir Éireannach

Polaiteoir Éireannach ab ea Billy Fox (3 Eanáir 1939 – 12 Márta 1974). Bhí sé ina bhall d'Fhine Gael. Dúnmharaigh an tIRA Sealadach é. Ba é Billy Fox an t-aon Chomhalta de Thithe an Oireachtais a dúnmharaíodh le linn Thrioblóidí Thuaisceart Éireann.[1]

Infotaula de personaBilly Fox
Beathaisnéis
Breith3 Eanáir 1939
Contae Mhuineacháin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Márta 1974
35 bliana d'aois
Seanadóir na hÉireann
1 Meitheamh 1973 – 12 Márta 1974
Téarma parlaiminte: 13ú Seanad Éireann

Teachta Dála
2 Iúil 1969 – 5 Feabhra 1973 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 19ú Dáil

Toghcheantar: Muineachán

Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata
Portráid : D’fhóin an tUasal Fox mar Theachta Dála de chuid Fhine Gael ó 1969-1973 agus mar Sheanadóir ó 1973 go dtí gur cailleadh é an 11 Márta, 1974.
An Rolla, 1974

Toghadh é den chéad uair chun na Dála mar TD de chuid Fhine Gael do thoghcheantar Mhuineacháin in 1969.[1]

Mar TD, cháin Fox arm na Breataine as urchair phlaisteacha a úsáid le haghaidh smachtú gráscair agus as cráitéir a chur in ‘bóithre neamhcheadaithe’ cois teorann. Tharraing sé poiblíocht náisiúnta nuair a cuireadh le forneart ó sheomra na Dála é le linn díospóireacht Dála i mí na Nollag 1971 nuair a chuir sé dhá urchar phlaisteacha agus ceanastar de ghás CS ar taispeáint, a mhaígh sé a scaoileadh trasna na teorann ag fórsaí na Breataine.”

Tar éis dó a shuíochán a chailleadh in 1973, toghadh é ina Sheanadóir ar an Rolla Saíochta agus Oideachais.[1]

Dúnmharú

cuir in eagar

Ar an 11/12 Márta 1974 dhúnmharaigh Sealadaigh an IRA é le gníomh díchéillí foréigin nuair a tháinig sé ar ruathar ar theach feirme an teaghlaigh Coulson, i dTír Chuanna, Contae Mhuineacháin. Ní raibh ach 35 bliana slánaithe aige tráth a bháis.[1]

Cuimhneachán

cuir in eagar
  • Osclaíodh Páirc Cuimhneacháin Seanadóir Billy Fox i 1977, suite i nDroim Coinín, Co Muineacháin.
  • Nochtadh portráid de Billy Fox a i dTeach Laighean ar an 10 Iúil 1974.[1]

Féach freisin

cuir in eagar