Flora Wambaugh Patterson

míceolaí Meiriceánach (1847–1928)

Míceolaí Meiriceánach ab ea Flora Wambaugh Patterson (1847 – 1928). Ise an chéad phaiteolaí plandaí fostaithe ag an Roinn Talmhaíochta sna Stáit Aontaithe.[1]

Infotaula de personaFlora Wambaugh Patterson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith15 Meán Fómhair 1847
Columbus, Ohio Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Feabhra 1928
80 bliana d'aois
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaFresh Pond Crematory and Columbarium (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOhio Wesleyan Female College (en) Aistrigh
Coláiste Antioch
Ollscoil Iowa
Ollscoil Harvard
Coláiste Radcliffe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbitheolaí, míceolaí, luibheolaí, bailitheoir luibheolaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRoinn Talmhaíochta na Stát Aontaithe (1895–)
Harvard University Herbaria (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Giorrúchán luibheolaíochtaF.Patt.
Teaghlach
PáisteEdwin Wambaugh Patterson, Henry Sells Patterson Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínEugene Wambaugh
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 187049946 Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh í in Columbus, Ohio, agus rinne sí staidéir ar fhungais agus ar phlandaí i gColáiste Antioch, sa stát chéanna. Fuair sí dhá chéim mháistreachta in Ollscoil Wesleyan Cincinnati. Chuir sí isteach ar spás i gclár iarchéimí in Ollscoil Yale ach diúltaíodh di ar an ábhar gur bean í. Ina áit sin, chuaigh sí go Coláiste Radcliffe, atá ceangailte le Ollscoil Harvard, agus rinne sí staidéar sa Gray Herbarium ag an ollscoil úd. D'fhan sí ansin gur fhostaigh an Roinn Talmhaíochta in Washington, D.C., í sa bhliain 1895.

Bhí Patterson i gceannas ar Bhailiúchán Fungas Náisiúnta na Stát Aontaithe ar feadh 35 bliana nach mór. Faoina stiúradh d'fhás an bailiúchán ó 19,000 go 115,000 eiseamláir. Ar 6 Eanáir 1910 tháinig 2,000 crann silíní mar bhronntanas ó chathair Thóiceo agus bhíothas chun iad a chur in Washington, D.C. ar bhruach an Photomac. Tháinig Patterson amach go raibh lotnaidí agus galar sna crainn agus ar ordú an uachtaráin, dódh iad le leithscéalta do rialtas na Seapáine. Cuireadh crainn nua chuig Washington a fuarthas folláin agus cuireadh iad. Mar gheall ar an bhrú a rinne Patterson agus daoine eile, cuireadh Achta Coraintín Plandaí na Bliana 1912 i bhfeidhm sna Stáit Aontaithe chun lotnaidí agus galair ionracha a choimeád amach ón tír.

I ndiaidh dul ar scor di, chuaigh sí a chónaí lena mhac i gCathair Nua-Eabhrac gur bhfuair sí bás in aois a 80 bliana.

  1. Amy Y. Rossman, "Flora W. Patterson: The First Woman Mycologist at the USDA" Curtha i gcartlann 2013-09-27 ar an Wayback Machine (Reviewed feature article), ASP.net (last visited August 22, 2012).

Naisc sheachtracha

cuir in eagar