Oideachas
![](http://178.128.105.246/host-http-upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/2c/Hk_protest_against_implementation_of_national_education_6.jpg/220px-Hk_protest_against_implementation_of_national_education_6.jpg)
Is é an t-oideachas an léann nó scolaíocht a thugtar do dhuine, mar aon leis an traenáil agus an múnlú a chuirtear air. Sa domhan thiar, tá ceart ag gach duine, agus is é an gnás inniu, oideachas a fháil ó aois óg go haois idir 15 agus 18, de ghnáth 18 bliain d'aois.
San oideas foirmiúil, labhraítear ar thrí leibhéal: Bunoideachas, Meánoideachas agus Ardoideachas.
Bunoideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa bhunoideachas (bunscoileanna), isghnách do leanaí a bheith ann idir 5/6 bliain agus 11/12 bliain.
![](http://178.128.105.246/host-http-upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/07/World_literacy_map_UNHD_2007_2008.png/333px-World_literacy_map_UNHD_2007_2008.png)
Meánoideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]
Leanann an meánoideachas (meánscoileanna) ó aois 11-12 go haois 17 nó 20, ag brath ar an gcóras agus ar an dlí.
Ardoideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]
Leantar d'ardoideachas in ollscoil nó i gcoláiste. Is gnách do scoláire in ardoideachas céim bhaitsiléara nó dioplóma a bhaint amach. Leagtar cúrsa oidis 3 nó 4 bliana amach do chúrsa bhaitsiléara, ach bíonn dioplóma le fáil i gcúrsaí gairmiúla áirithe tar éis bliana go leith nó dhá bhliain. Tugtar comhchéim (Associate's Degree) tar éis chúrsaí 2 bhliana i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
![](http://178.128.105.246/host-http-upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/f5/FBE_CTU_lecture.jpg/250px-FBE_CTU_lecture.jpg)
![](http://178.128.105.246/host-http-upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/b8/Jan_Steen_school_class_with_a_sleeping_schoolmaster%2C_1672.jpg/220px-Jan_Steen_school_class_with_a_sleeping_schoolmaster%2C_1672.jpg)
In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]
In Éirinn in aimsir na bPéindlíthe, bhíodh scoileanna chois claí ar bun faoin tír, mar go raibh an oiread sin coscanna i gcoinne na teangan Gaeilge agus i gcoinne an chreidimh Chaitlicigh.
![](http://178.128.105.246/host-http-upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/a5/Braille_AND.svg/220px-Braille_AND.svg.png)
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Louis Braille (1809-52) Oideachasóir a rugadh i gCoupvray na Fraince.
- Cyril Lodowic Burt (1883-1971) Bhí sé freagrach as teoiric is cleachtadh tástálacha intleachta is inniúlachta, le feidhmeanna san oideachas is staidéár ar chiontóirí óga sa Bhreatain.
- Richard Lovell Edgeworth (1744-1817) Tiarna talún i Meathas Troim, Co. an Longfoirt.. Scríobh sé Practica! Education (Oideachas Praiticiúil, (1798) i gcomhar lena iníon Maria Edgeworth, agus Professiona! Education (Oideachas Gairmiúil) ar an ngairmoideachas, a bhí i bhfad chun tosaigh ar a am.
- Intleacht. Cumas freagairt go hoiriúnach do chúinsí nua.
- Síceolaíocht oideachais. Saothraíodh í seo sa 20ú céad chun modh oibre síceolaíoch a fheidhmiú le foghlaim a thuiscint.