Jump to content

Lugaid mac Con

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Mac Con)
Infotaula de personaLugaid mac Con
Ardrí na hÉireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteFothad Cairpthech, Fothad Airgthech Cuir in eagar ar Wikidata
MáthairSadb ingen Chuinn
SiblínEoghan Mór

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Lughaidh Mac Con (Sean-Ghaeilge Lugaid mac Con), aitheanta go gairid mar Mac Con. Sliocht de Chorca Laoi[1] ab ea é, agus dá bharr den Dáirine. Macnia mac Lugdach ab ea a athair, agus Sadb ingen Chuinn a mháthair. D'fhéadfadh é gurb ionann Mac Con agus rí seanscéalach eile na Teamhrach de shliocht na nDáirine, Lugaid Loígde.

Fuair Macnia bás, agus phós Sadb Ailill Aulom, rí na Mumhan agus rí de facto i ndeisceart na hÉireann, agus d'éirigh Lughaidh ina mhac altrama. Deirtear gur tugadh a bhua-ainm dó toisc gur thál a athair altrama (darbh ainm Eloir Derg) air mar leanbh.

In ainneoin toil Ailealla, bhí Lugaid agus a dheartháireacha altrama ina gcomhghuaillí Nemed mac Sroibcenn, rí Érainn na Mumhan, a mharaigh an t-iar-ard-rí Conaire Cóem sa Chath Gruitine. I rith réim an Ard-Rí, Art mac Cuinn, chloígh agus mharaigh mic Chonaire Nemed sa Chath Cennfebrat. Gortaíodh Lugaid sa chath, agus chuir a athair altrama ar deoraíocht é. Thar lear, bhunaigh sé comhaontas le Benne Brit, mac rí na Breataine, bhailigh arm gallóglach, agus d'fhill go hÉirinn. Dhóigh agus mharaigh sé Art sa Chath Mhaigh Mucruimhe i gConnacht agus thóg coróin an Ard Ríochta.

Bhí Lughaidh í réim ar feadh tríocha bliain, sular chuir Cormac mac Airt as cumhacht é, tar éis dó Lughaidh breithiúnas bréige a thabhairt ar Bhennaid, brughaidh, a bhí caoirigh aige a bhí ag iníor go mídhleathach ar ggg na banríona. Theith sé go Mumhain ag lorg cabhrach agus thug sé faoi shíocháin a dhéanamh le hAilill, ach ní raibh dearmad déanta aigesean ar bás a mhic, Éogan Mór. Ghearr Ailill é le fiacal nimhe i mbun barróg a bhreith, agus ansin chuir sé an file Ferches mac Commáin ar a thóir chun díoltas a bhaint as bás Eoghain. Tháinig Ferches ar Lugaid ina sheasamh in aice le gallán, agus mharaigh sé le ga é. Tugadh ar Chormac ámh éalú go Connacht ag rí na nUladh, Fergus Dubdétach, a bhí ina Ard-Rí ar feadh bliana tar éis bás Lughaidhe, sular tháinig Cormac i gcomharbacht air.[2][3][4][5]

Bhí beirt mhac ag Lugaid, Fothad Cairpthech agus Fothad Airgthech, a bheadh ina gcomh-Ard-Ríthe in am trátha.

I measc muintir Lughaidhe Mhic Chon sa lá atá inniu ann tá: muintir Uí Driscoll, Uí Laoghaire, Uí Chobhthaigh, Uí Aonghusa agus Uí Fhlionn as Contae Chorcaí.[6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Mumu ar ancestry.com
  1. John O'Donovan (eag.) "The Genealogy of Corca Laidhe", in Miscellany of the Celtic Society. Baile Átha Cliath, 1849. scan eile
  2. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 337
  3. Foras Feasa ar Éirinn, 1.41 - 1.42
  4. Annála na gCeithre Máistrí, M186 - 225
  5. Myles Dillon (eag. agus aistr.), "The Death of Mac Con", Publications of the Modern Language Association of America 60, 1945, ll. 340-45
  6. O'Donovan 1849


Réamhtheachtaí
Art mac Cuinn
Ard Rí na hÉireann
LGÉ 2a haois AD
FFÉ AD 173–203
ACM AD 195–225
Comharba
Fergus Dubdétach