Jump to content

Órfhlaith Begley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaÓrfhlaith Begley

(2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith19 Nollaig 1991
32 bliana d'aois
An Charraig Mhór, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Ball den 59ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
4 Iúil 2024 –

Toghcheantar: Tír Eoghain Thiar

Ball den 58ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
12 Nollaig 2019 – 30 Bealtaine 2024 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Tír Eoghain Thiar

Ball den 57ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
3 Bealtaine 2018 – 6 Samhain 2019 (díscaoileadh na parlaiminte)
← Barra Mac Giolla Duibh

Toghcheantar: Tír Eoghain Thiar

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Facebook: OrfhlaithBegleyMP Twitter: OrfhlaithBegley Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir de chuid Sinn Féin i dTuaisceart Éireann í Órfhlaith Begley. Rugadh í ar an 19 Nollaig 1991. I mí Bhealtaine 2018, bhí sí tofa don chéad uair mar fheisire parlaiminte do Thír Eoghain Thiar.[1]

2017

Tús a shaoil agus gairm bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Begley ar an 19 Nollaig 1991 sa Charraig Mhór, Contae Thír Eoghain, Cúige Uladh.[2] Is iníon í leis an gComhairleoir de chuid Sinn Féin Seán Begley, a bhí tráth ina chathaoirleach ar Chomhairle Ceantair na hÓmaí.[3] D'fhás Begley aníos sa Charraig Mhór, agus d'imir sí peil Ghaelach ag an gclub áitiúil. Rinne sí staidéar ar an Dlí agus ar an bPolaitíocht in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.[4] Ina dhiaidh sin, rinne sí staidéar in Institiúid an Léinn Ghairmiúil agus Dlí, agus bhain sí céim amach mar aturnae. D'oibrigh Begley ansin mar aturnae i bPort an Dúnáin, Contae Ard Mhacha lena deartháir.[5]

Gairm pholaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roghnaíodh Begley mar iarrthóir Shinn Féin do Thír Eoghain Thiar i bhfothoghchán 2018, nuair a d'éirigh Barra Mac Giolla Dhuibh as ar an 15 Eanáir. Toghadh í le tromlach 7,956.[6][4] Ba é Begley an chéad bhean a rinne ionadaíocht ar an toghcheantar ó cruthaíodh é i 1997. Ní shuíonn sí i dTeach na dTeachtaí de réir pholasaí seanbhunaithe an pháirtí maidir le staonadh. Atoghadh í in 2019 agus san Olltoghchán 2024.[7].

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Begley an t-innealtóir Conor Carson i mí na Nollag 2022 sa Charraig Mhór.[8][9]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]