Jump to content

Cártaí Nollag

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is cineál cárta beannachta iad cártaí Nollag.

Cárta Nollag ón Iorua

Ba as athchóiriú an chórais phoist go luath sa tréimhse Victeoiriach a d'eascair an traidisiún trína seoltar cártaí Nollag. A bhuí le Uniform Penny Post a thabhairt isteach sa bhliain 1840, bhíothas in ann píosa poist a sheoladh idir Éire agus an Bhreatain ar aon phingin amháin, beag beann ar an achar a bhí i gceist. Tamaillín ina dhiaidh sin sa bhliain 1843, dearadh an chéad chárta Nollag clóite riamh agus cuireadh ar díol leis an bpobal é. Ba ag an am sin a tosaíodh ar chártaí a sheoladh um Nollaig.

daoine