Fisic ábhair chomhdhlúite
![](http://178.128.105.246/cars-http-upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/f8/Heike_Kamerlingh_Onnes_and_Johannes_Diderik_van_der_Waals.jpg/220px-Heike_Kamerlingh_Onnes_and_Johannes_Diderik_van_der_Waals.jpg)
Réimse na fisice a phléann le hairíonna fisiciúla macrascópacha agus micreascópacha ábhair is ea fisic ábhair chomhdhlúite, go háirithe na pasanna soladacha agus leachtacha a eascraíonn as fórsaí leictreamaighnéadacha idir adamh. Níos ginearálta, déileálann an t-ábhar le pasanna ábhair “comhdhlúite”: córais a bhaineann le go leor comhábhar a bhfuil idirghníomhaíochtaí láidre eatarthu. I measc na bpasanna comhdhlúite níos andúchasí tá an pas forsheoladh a thaispeánann ábhair áirithe ag teocht íseal, na pasanna fearómaighnéadacha agus frithfhearómaighnéadacha de ghuairní ar laitíseanna criostail adamh, agus an comhdhlúthán Bose-Einstein atá le fáil i gcórais adamhacha ultrafhuara. Féachann fisiceoirí le hiompar na bpasanna seo a thuiscint trí thurgnaimh chun airíonna ábhair éagsúla a thomhas, agus trí dhlíthe fisiciúla na meicnice candamaí, an leictreamaighnéadaiss, na meicnice staitistiúla, agus teoiricí eile a chur i bhfeidhm chun samhlacha matamaitice a fhorbairt.