Mairead Fay Sheathach
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1903 Glenshaw, Pennsylvania |
Bás | 2004 100/101 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | béaloideasóir, ceoleolaí |
Teangacha | An Fhraincis |
Teaghlach | |
Céile | John Lorne Campbell |
Eitneolaí ceannródaíoch Albanach–Mheiriceánach, grianghrafadóir, béaloideasóir, agus scoláire léann Ceilteach ab ea Mairead Fay Sheathach ( nó Margaret Fay Shaw sa Bhéarla) (9 Samhain 1903 – 11 Nollaig 2004). Tá clú agus cáil uirthi mar gheall ar a cuid oibre i measc Ghaeilgeoirí na hAlban sna h-Eileannan Siar (ga:Inse Ghall ), i measc phobail Ghaeilge Cheanada in Albain Nua, agus i measc Ghaeilgeoirí Chonnachta in Oileáin Árann.
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Mairead, an duine ab óige de chúigear deirfiúracha, i "substantial mansion" a muintire, [1] a tógadh as brící de dhéantús baile sa bhliain 1829, [2] i Glenshaw, Pennsylvania . [3] [4]
Bhí an t-áras ar thalamh ina raibh cónaí ar a clann ó chuaigh a sin-seanathair, an teilgcheártaí iarainn Albanach John Shaw, ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe i 1782, lena cheathrar mac, roinneadh a dheonú talún eatarthu, agus bhí a shloinne tugtha aige don dúiche máguaird. [5] [6]
Mhair seanathair Mhairead, Thomas Wilson Shaw, Sr., le bheith sé bliana is nócha d'aois agus ba mhinic a d’inis sé an scéal ina sheanaois faoin gcaoi ar thóg a athair féin suas ar a ghuaillí é chun George Washington a fheiceáil ag marcaíocht ar chapall bán le linn cuairte ar Phittsburgh . [7]
Bhí seanathair athartha Mhairead, Thomas Wilson Shaw, Jr., mar mháinlia in Arm an Aontais le linn Chath Gettysburg agus d’oibrigh sé ina dhiaidh sin mar dhochtúir sluma i measc na n-inimirceach a bhí ag obair i scaglanna cruach Pittsburgh, [8] cé go raibh saibhreas an teaghlaigh Shaw. freisin tarraingthe den chuid is mó trí infheistíochtaí críonna sa tionscal céanna. [9]
Ba chéimí de chuid Institiúid Polytechnic Rensselaer agus innealtóir sibhialta é Henry Shaw, athair Mhairead. Ina chroí istigh,bhí fonn príobháideach ar Henry Shaw a bheith ina ealaíontóir, ach chuir a athair féin bac ar a aisling, a "regarded artists as Bohemians in velvet jackets and flowing ties, supported by their parents". Ina ionad sin, rinneadh bailitheoir ealaíne de Henry Shaw agus caitheamh aimsire aige le heitseálacha a dhéanamh. Sna blianta ina dhiaidh sin, ba é an "greatest delight" a bhí aige ná ".. seeing the International Exhibition of paintings that came into the Carnegie Museum once a year." [10]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ray Perman (2013), The Man Who Gave Away His Island: A Life of John Lorne Campbell, Birlinn Limited. Page 48.
- ↑ Margaret Fay Shaw (1999), From the Alleghenies to the Hebrides, Birlinn Limited. Page 1.
- ↑ Wilson (17 December 2004). “Obituary: Margaret Fay Shaw”. The Guardian. Dáta rochtana: 8 March 2020.
- ↑ “Biography – Margaret Fay Shaw”. Tobar an Dualchais. Dáta rochtana: 8 March 2020.
- ↑ Ray Perman (2013), The Man Who Gave Away His Island: A Life of John Lorne Campbell, Birlinn Limited. Page 48.
- ↑ Margaret Fay Shaw (1999), From the Alleghenies to the Hebrides, Birlinn Limited. Page 1, 4.
- ↑ Margaret Fay Shaw (1999), From the Alleghenies to the Hebrides, Birlinn Limited. Page 3.
- ↑ Margaret Fay Shaw (1999), From the Alleghenies to the Hebrides, Birlinn Limited. Page 4.
- ↑ Ray Perman (2013), The Man Who Gave Away His Island: A Life of John Lorne Campbell, Birlinn Limited. Page 48-49.
- ↑ Margaret Fay Shaw (1999), From the Alleghenies to the Hebrides, Birlinn Limited. Page 3.