Jump to content

Neamhthorthúlacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
moltar nós maireachtála níos folláine a ghlacadh chucu.[1]
Cúiseanna
Toirchiú in vitro

Ciallaíonn neamhthorthúlacht[2] dhaonna nach féidir leanbh a bheith ag lánúin. Tá cúiseanna éagsúla le neamhthorthúlacht: in amanna ní tháirgeann an fear speirm atá sláintiúil nó in amanna bíonn deacracht ag an bhean uibheacha sláintiúla a tháirgeadh. Is féidir gur riocht mhíochaine is cúis le cumas na lánúine páiste a ghiniúint a bheith laghdaithe nó le gan an cumas a bheith acu ar chor ar bith. Ina measc siúd tá feadán fallópach bactha, fadhbanna tíoróidigh, nó éagothroime hormón.[3]

Cuireann an neamhthorthúlacht isteach ar timpeall 10% de lánúnacha.

Sa bhaineannach cliseann an t-ubhsceitheadh go minic, agus sa chás sin is féidir na hubhagáin a spreagadh chun na hubháin a thál le hormóin ghónadatrófacha nó drugaí a fheidhmíonn ar an dóigh chéanna sa cholainn. Is féidir go gcuirfidh ionfhabhtú don cheirbheacs, bac sna feadáin útaracha (fallópacha) nó mínormáltachtaí sa bhroinn le cliseadh ubhsceite freisin.

I measc na bhfachtóirí sa bhfireannach a chuireann isteach ar choimpeart, tá easpa nó táirgeadh easpach speirmeacha, agus gleanúint na speirmeacha de bharr a soghluaiseacht a bheith lagaithe go mór ag antasubstaintí frithspeirmeacha i séiream an fhireannaigh.[4]

An neamhthorthúlacht a shárú

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cóireáil torthúlachta a thugtar ar na gnáthaimh mhíochaine ar féidir leo cuidiú le daoine cuid de na deacrachtaí seo a shárú. Is féidir go mbeidh strus agus míshástacht ar dhaoine mar gheall ar neamhthorthúlacht, agus mar sin de, le blianta beaga anuas, rinneadh a lán taighde ar na dóigheanna a bhféadfaí í a shárú.[3] I measc na modhanna is coitianta tá:

Modhanna nádúrtha – Is féidir go mbeidh deacracht ag lánúineacha éagsúla páiste a ghiniúint mar gheall ar bhrúnna óna stíl mhaireachtála, amhail strus agus ualach oibre. D’fhéadfaí neamhthorthúlacht a shárú trí roghanna a dhéanamh faoi stíl mhaireachtála shláintiúil, amhail aiste bia cothaitheach a ithe agus alcól a sheachaint.[3][1]

• Cógais – Má tá fadhb ann le hormóin, is féidir go gcuideoidh drugaí torthúlachta le neamhthorthúlacht a shárú. Is féidir go gcuideoidh siad fiú mura bhfuil an chúis atá leis an neamhthorthúlacht ar eolas.

• Obráid – D’fhéadfadh sé seo a bheith éifeachtach dá mbeadh feadán fallópach bactha nó fadhb eile inmheánach i gceist. I gcásanna áirithe, d’fhéadfaí ubhagán a thrasphlandú i gcás mná nach dtig léi a cuid uibheacha féin a tháirgeadh.

• Giniúint chuidithe – Is é seo an modh is coitianta a úsáidtear sa lá atá inniu ann, cé nach i gcónaí a éiríonn go maith leis agus go bhfuil ceisteanna éagsúla eiticiúla ag baint le cuid mhaith de na gnáthaimh. I measc na dteicnící tá TIV (toirchiú in vitro) agus inseamhnnú saorga (is é atá i gceist seamhan a chur díreach isteach sa bhroinn, in áit an ubh a thoirchiú i bpromhadán, mar a dhéantar in TIV).[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Centers for Disease Control and Prevention (CDC) (2013-04-03). "Infertility: Preconception Health". 
  2. i mBéarla, infertility
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 ccea.org.uk (2015). "FORBAIRTÍ I mBITHEITIC". Dáta rochtana: 2024.
  4. Hussey, Matt (2011). "Neamhthorthúlacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 479.