Jump to content

Ollscoil na Gaillimhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaOllscoil na Gaillimhe
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálollscoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1845
Gníomhaíocht
Ball deCoimbra Group (en) Aistrigh
ORCID
Cumann Eorpach na nOllscoileanna
Coalition for Advancing Research Assessment (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon scoláirí18,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Duine ábharthaStefan Decker (2003–2015) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe2,500 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
MáthaireagraíochtOllscoil na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán218 M€ (2015) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinuniversityofgalway.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: nuigalway Twitter: nuigalway Mastodon: universityofgalway@mastodon.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Cuireadh Ollscoil na Gaillimhe ar bun sa bhliain 1845.[1] Bhí os cionn 18,000 mic léinn ag freastal uirthi in 2022.[2][3]

Bhí Ollscoil na Gaillimhe rangaithe san 2% de ollscoileanna is fearr ar fud an domhain in 2022.[4] Bhí Ollscoil na Gaillimhe ar cheann de na hollscoileanna is fearr in Éirinn maidir le hinfhostaitheacht céimithe in 2021. Bhí 96% de na mic léinn fochéime agus 94% de na mic léinn iarchéime ón Ollscoil seo fostaithe nó i mbun staidéar breise laistigh de 6 mhí tar éis a gcáilíocht a bheith bronnta orthu.[5]

Cloigtheach na cearnóige
Ríomhaireacht

Stair na hOllscoile[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'oscail an ollscoil i 1849 faoin ainm 'Coláiste na Banríona, Gaillimh' mar cheann de thrí Choláiste na Banríona, maraon le Corcaigh agus Béal Feirste. De réir achta sa bhliain 1908, athainmníodh mar Coláiste na hOllscoile, Gaillimh í, agus í le bheith mar chuid de hOllscoil na hÉireann in éineacht le Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh. I 1991, athróidh a hainm go Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus d'athraigh a hainm arís i 2022, nuair a thugadh Ollscoil na Gaillimhe uirthi.

Bhí an Dr Jim Browne ina uachtarán idir 2007-2017.[6]

Ba é An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh uachtarán na hollscoile idir 2018-2024.[7] D'éirigh sé as a phost ar an 26 Meitheamh 2024, roimh deireadh a théarma deich mbliana.[8]

Saol na hOllscoile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Forbairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an ollscoil suite gar do lár cathrach na Gaillimhe, agus mar go raibh a tailte ag leanúint ó thuaidh cois abhainn, bhí deis ag an ollscoil an-chuid tógála a dhéanamh in achar siúil cos don sean "quad".

Mic léinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ceann de na cumainn is mó agus is sine é an Cumann Staire Curtha i gcartlann 2022-01-12 ar an Wayback Machine. Eagraíonn an Cumann Staire ceann de na himeachtaí bliantúla is mó san ollscoil, an en:Arts Bál, a bhíonn ar siúl gach Feabhra. Freastalaíonn thart ar 1300 daoine ar an mbál. Eagraíonn an Cumann Staire an chomhdháil staire idirnáisiúnta bhliantúil Aistir freisin.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá suíomh na hOllscoile, ollscoilnagaillimhe.ie, le fáil i mBéarla amháin (seachas cúpla leathanach agus na teidil). Ach tugann lámhleabhair na hollscoile foirfiú na Gaeilge mar "cheann de phríomhchuspóirí" na hollscoile. "Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain"[9] ach níl fonn orthu scríobh don Vicipéid is cosúil.

Sna hochtóidí, bhí aighneas ar siúl ag mic léinn áirithe, mar nach raibh cúrsaí áirithe tíreolaíochta le fáil ach trí mheán na Gaeilge, cé nach raibh ach fíorbheagán de chúrsaí eile le fáil as Gaeilge.

Bhain conspóid mhór le cinneadh Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2016 deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge, a d’fhág go mbíodh líofacht sa Ghaeilge i gcónaí ag an uachtarán.[6] Bhí an riachtanas Gaeilge ina bhac ar dhaoine cur isteach ar an bpost, go háirithe iarrthóirí idirnáisiúnta.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Ollscoil na Gaillimhe - Ollscoil na Gaillimhe". www.ollscoilnagaillimhe.ie. Dáta rochtana: 2024-06-26.
  2. "About Us - University of Galway". web.archive.org (2024-06-01). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-06-01. Dáta rochtana: 2024-06-26.
  3. "University of Galway | Higher Education Institutions | Higher Education Authority". web.archive.org (2023-09-21). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-09-21. Dáta rochtana: 2024-06-26.
  4. "Rankings - University of Galway". web.archive.org (2024-01-13). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-01-13. Dáta rochtana: 2024-06-26.
  5. "Cúrsaí - Ollscoil na Gaillimhe". web.archive.org (2024-02-24). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-02-24. Dáta rochtana: 2024-06-26.
  6. 6.0 6.1 "Ciarán Ó hÓgartaigh ceaptha ina Uachtarán ar ÓE, Gaillimh agus é ag súil le filleadh ar a ‘chathair dhúchais’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2017-09-04). Dáta rochtana: 2024-06-26.
  7. "Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe ag éirí as" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-26). Dáta rochtana: 2024-06-26.
  8. "Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe ag éirí as" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-26). Dáta rochtana: 2024-06-26.
  9. "An Ghaeilge san Ollscoil - Ollscoil na Gaillimhe". www.ollscoilnagaillimhe.ie. Dáta rochtana: 2024-06-26.