Jump to content

Róthurasóireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Mona Lisa sa Louvre

Tháinig borradh ollmhór faoin turasóireacht timpeall an domhain sna 2020idí, a luaithe a bhí an phaindéim COVID-19 thart. Ag an am céanna, chuaigh an ghéarchéim thithíochta in olcas, agus cuireadh an milleán go minic ar an róthurasóireacht. Ní raibh na cathracha ar nós na Veinéise, Barcelona agus Dubrovnik in ann dul i ngleic leis na sluaite turasóirí a thagann chucu gach bliain.

Trá sa Téalainn, 2013[1]
  • I mí Iúil 2024 i mBarcelona, chaith daoine sa chathair uisce ar thurasóirí agus ag fógairt orthu glanadh amach as an áit. Dar leo, tá an chathair millte ag an líon turasóirí a bhíonn ann gach aon lá den mbliain. Creideann muintir áirithe gurb iad na turasóirí is cúis leis an easpa lóistín atá sa chathair agus an mórchostas a leanann a leithéid d’éileamh.

Tá sé deacair aon leigheas a fheiscint ar an scéal faid is atá saorchead taistil ann agus nach bhfuil an taisteal costasach ar chor ar bith.

  • I gcathair na Veinéise sa bhliain 2024, thosaigh bardas na cathrach ag gearradh táille ar na cuairteoirí a théann isteach sa chathair.[2]
  • Tugann suas le 330,000 duine cuairt an na hoileáin Galápogos san Aigéan Ciúin gach aon bhliain. Tá táille $200 an duine á ghearradh orthu (in 2024) in iarracht an ghnáthóg speisialta sin a chosaint.
  • Sa bhliain 2024, ní ceadaítear do níos mó ná ceithre mhíle duine sa lá, turas a thabhairt ar Shliabh Fuji agus gearrtar táille 2000 yen (€11.59) an duine orthusan.[2]

Chun dul i ngleic le fadhb na róthurasóireachta, d’fhorbair na húdaráis in Amstardam straitéis : na turasóirí a mhealladh amach as lár chathair Amstardam agus iad a mhealladh chuig ceann de na cathracha eile máguaird (mar shampla, an mhaidin a chaitheamh ag breathnú ar phéinteálacha in Delft, an tráthnóna ag spaisteoireacht trí chathair dhúchais Rembrandt, Leiden, cuairt lae ar an HáigRotterdam srl).[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Clár FíorScéal, TG4, Samhain 2019. Cuirfear Méaraí, saineolaithe turasóireachta, gníomhaithe polaitíochta agus áitritheoirí na gcathracha atá siar leis an róthurasóireacht faoi agallamh.
  1. Alice Pegonzi (2021-05-06). "Solutions to Overtourism: Tips for a More Sustainable Tourism" (en-US). Ecobnb. Dáta rochtana: 2024-07-23.
  2. 2.0 2.1 Seosaimhín Ní Bheaglaoich (23 Iúil 2024). "Gach duine ar thóir an ‘unique experience’ – agus á lot ar a chéile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-23.
  3. Alex Hijmans (11 Bealtaine 2022). "TUAIRISC ÓN ÍSILTÍR: Fadhb na róthurasóireachta ag dul in olcas agus ní in Amsterdam amháin é" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-23.