Jump to content

IdirThrádáilÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaIdirThrádáilÉireann
Sonraí
Cineálgníomhaireacht rialtais Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibretrádáil Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhttps://intertradeireland.com/
Facebook: InterTradeIreland Twitter: Inter_Trade LinkedIn: intertradeireland Youtube: UCwVJ6ezQWNE7WlaM-KPs2sQ Cuir in eagar ar Wikidata
Ceannoifig Idir-Thrádáil Éireann, Sráid ChillMhuire, Iúr Cinn Trá, Co. an Dúin

Ceann de na sé comhlachtaí uile-Éireann is ea 'An Comhlacht Forbartha Trádála agus Gnó', nó IdirThrádáilÉireann (Béarla: InterTradeIreland, Albainis Uladh: NifferinMercatAirlann), a cuireadh ar bun mar chuid d'forfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Cé go bhfuil sainchúram soiléir oibriúcháin aige, feidhmíonn sé faoi stiúir iomlán na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas nó CATT, agus freagracht áirithe air freisin i leith na Comhairle, an Oireachtais agus Thionól Thuaisceart Éireann agus freisin i leith na Rann Airgeadais agus na Rann eile rialtais atá freagrach as a mhaoiniú i ngach ceann den dá dhlínse. Bunaíodh Idir-Thrádáil Éireann chun faisnéis a mhalartú agus obair a chomhordú maidir ar thrádáil, fhorbairt gnó agus nithe gaolmhara, i réimsí ina n-aontaíonn lucht an dá riaracháin go sonrach go mbeadh sé ina leas frithpháirteach dóibh. Is é an Dr David Dobbin an Cathaoirleach agus an tUasal John Fitzgerald an Leas-Chathaoirleach. Is é an tUasal Liam Nellis Príomhfheidhmeannach an chomhlachta. Is é misean na heagraíochta ná:

"Feabhas a chur ar iomaíochas domhanda an gheilleagair uile-oileánda chun an sochar frithpháirteach na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann trí bhearta ar nós cruthú dianeolais trádála uile-oileáin agus líonraí gnó a fhorbairt agus a chur chun feidhme uile-oileáin chláir forbartha trádála agus gnó. "

Bord reatha IdirThrádáilÉireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

(Eanáir 2008)

  • Cathaoirleach - David Dobbin
  • Leas Cathaoirleach - John Fitzgerald
  • Brendan Butler
  • Ray Doherty
  • Rosaleen Doherty
  • Sean Gallagher
  • Jack Gilmour
  • Hugh Logue
  • Pádraig Mac Lochlainn
  • Patricia McKeown
  • An Dr Gerard O'Hare
  • Tom Scott

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]