Jump to content

Imoibrí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is iad imoibreáin, mar shampla sulfair (sa phictiúr), na hábhair tosaigh a úsáidtear in imoibrithe ceimiceacha.

Sa cheimic, is éard is imoibríimoibrí anailíseach ann ná substaint nó comhdhúil a chuirtear le córas chun imoibriú ceimiceach a chur ar bun, nó a leithéid a thástáil. Is minic a úsáidtear na téarmaí imoibreán agus imoibrí go hidirmhalartaithe, ach sonraíonn imoibreán substaint a ídítear le linn imoibriúcháin cheimicigh. Ní thugtar imoibreáin ar thuaslagóirí, cé go bhfuil baint acu leis an meicníocht imoibrithe, de ghnáth. Ar an gcaoi chéanna, ní ídítear catalaígh tríd an imoibriú agus mar sin ní imoibreáin iad. Sa bhithcheimic, go háirithe i dtaca le himoibrithe einsímchatalaithe, tugtar substráití go coitianta ar na himoibreáin.