Jump to content

Prótaisteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPrótaisteach
Protista agus Protista Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
ForfhearannBiota
For-ríochtEukaryota
RíochtProtista agus Protista Cuir in eagar ar Wikidata
Haeckel agus Whittaker, 1866 agus 1969

Is grúpa ilchineálach d'orgánaigh iad na prótaistigh ina n-áirítear na heocaróit nach féidir a aicmiú i ríocht eocarótach eile ar bith, ar nós na bhfungas, na n-ainmhithe, nó na bplandaí. De ghnáth, déiléaltar leo mar an ríocht ProtistaProtoctista.

Is grád paraifíléiteach iad na prótaistigh seachas grád monaifíléiteach nádúrtha, agus mar sin ní bhíonn mórán tréithe i gcomhpháirt eatarthu, ach amháin go bhfuil eagar sách simplí acu go léir—bíonn siad aoncheallach, nó bíonn siad ilcheallach gan fíocháin ard-sainfheidhmeacha acu. Chum Ernst Haeckel an téarma protista sa bhliain 1866(an tSean Ghréigis-πρώτος (protos), an chéad).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]