Trasduchtóir
Appearance
Feiste é trasduchtóir chun cineál amháin fuinnimh a athrú ina chineál eile. Is gnách gurb é rud a bhíonn i gceist: cineál ar leith fuinnimh a athrú ina fhuinneamh leictreach. An micreafón, cuir i gcás, déanann sé fuinneamh meicniúil fuaime a athrú ina fhuinneamh leictreach. Teirmiméadar leictreach abair - is é rud a dhéanann sé: an teocht a athrú ina comhartha leictreach. 'Trasduchtóir brathadóra' is gnách a thabhairt ar thrasduchtóir a dhéanann comhartha leictreach, voltas nó sruth, agus é sin i gcomhréir le hairí éigin ar chineál eile fuinnimh - cuir i gcás, díláithriú, brú, luasghéarú, bogthaise, teocht, nó a leithéid.
![](http://178.128.105.246/content-http-upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/4a/Commons-logo.svg/30px-Commons-logo.svg.png)
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann le: Trasduchtóir.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |