Jump to content

Abhainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Abhainn ag tosú sna hAlpa

Sruth mór uisce a ritheann isteach i loch nó san fharraige is ea abhainn.[1]

Abhainn na Danóibe

De ghnáth éiríonn abhainn mar shruthán i dtalamh ard. Gluaiseann abhainn le fána, ag creimeadh cainéil, agus fásann de réir mar a ritheann craobhaibhneacha isteach inti, ag gearradh amach gleannta móra go minic.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúrsa abhann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Má bhíonn titim mhaith leis an dtalamh, ritheann an t-uisce go mear. Ach má bhíonn an talamh go cothrom réidh, bogann an t-uisce leis go mall.

Sceitheann uisce na habhann isteach san fharraige, ar loch nó ar abhainn eile (agus sa chás sin tugtar fo-abhainn nó craobh uirthi). Tugtar an béal ar an chuid dheireanach den abhainn.

Ní mór an méid a bhíonn i sruthán i gcomórtas le habhainn. Ach bailíonn sé an t-uisce a bhíonn ina limistéar féin chun na farraige nó chun abhainn eile.

Uaireanta críochnaíonn abhainn, sa deireadh, i gceantar gaineamhlach ina bhfuil na huiscí caillte trí insíothlú agus ghalú.

Bíonn cúrsa na habhann go casta, mar déanann sí a slí tríd an dtalamh is boige agus is ísle, agus má tharlaíonn aon chonstaic nó talamh cruaidh roimpi, tugann sí cor timpeall. Tógann sí an cúrsa is saoráidí i gcónaí.

Nuair a thiteann a lán báistí, tá tuile san abhainn, agus is minic a sceitheann an t-uisce amach thar bhruacha na habhann ar an dtalamh mór-dtimpeall. Ar thalamh íseal agus tuile mhór ann, is minic a dhéanann an tuile mórán díobhála do churadóireacht; agus caitheann na daoine na tithe d'fhágaint uaireanta mar is baol dóibh an t-uisce. Is minic a thagann tuilte in iomaí tíortha, agus déanann siad díobháil an-mhór. Báitear na mílte daoine gach bliain i dtuilte timpeall na cruinne.

Sruthchúrsa faoi thalamh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá aibhneacha ann a ghluaiseann faoin dtalamh. I dtalamh aolchloiche a tharlaíonn sin, mar is furas don uisce a shlí do ghearradh tríd an aolcloch. Bíonn cortha ar aibhneacha chun an t-uisce do bhailiú i dtreo go mbainfí feidhm as nuair bheadh gá leis.

Seo an limistéar talún óna shreabhann an t-uisce dromchla uile le sruth, trí ghréasán de shruthanna, aibhneacha agus lochanna i bhfarraige ag béal abhann, inbhir nó deilte amháin[2].

Uisce dromchlach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uiscí intíre ar dhromchla na talún (leithéidí taiscumair, lochanna, aibhneacha, uiscí trasdultacha, uiscí cósta) laistigh d’abhantrach.

Bíonn talamh maith i ngleannta na n-abhann de ghnáth, agus bíonn curadóireacht, tógaint stoic agus ba bainne ar siúl iontu. Bíonn bailte móra iontu de ghnáth.

Is suntasach mar a athraíonn aibhneacha taobh tíre, agus bhí a gcúrsaí fíorthábhachtach i bpatrúin áitrithe talmhaíochta, trádála is tráchtála. Is féidir abhainn a úsáid i gcomhair iascaireacht agus bádóireacht chomh maith.

Úsáidtear aibhneacha freisin le haghaidh breith earraí isteach i dtír éigin, nó amach aisti.

Bíonn droichead thar abhainn chun dul trasna uirthi: droichid cloch nó adhmaid srl. Anseo is ansiúd bíonn droichead coisithe do lucht coisíochta.

Fadó thrasnaigh daoine an abhainn ag áth, nó caol abhann (nó clochán fiú), áit is féidir dul trasna. Faightear an focal áth go coitianta i logainmneacha na hÉireann inniu.

Na haibhneacha is faide

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad seo na habhainnchórais is faide ar domhan:

FAD (km) SCEITHEADH

an Níl 6,690 an Mheánmhuir

an Amasóin 6,570 an tAigéan Atlantach

an Mississippi 6,020 Murascaill Missouri Mheicsiceo

an Laing-tsí 5,980 Muir na Síne Thoir

an Yenisei 5,870 Muir Chara

an Amúr 5,780 Caolas na Tartaire

an Óib 5,410 Muir Chara

an Pláta 4,880 an tAigéan Atlantach

an Huaing-hé

(an Abhainn Bhuí) 4,840 an Mhuir Bhuí

an Congó 4,630 an tAigéan Atlantach

an Léana 4,400 Muir Laptaiv

an Mackenzie 4,240 Muir Beaufort

an Mekong 4,180 Muir na Síne Theas

an Nígir 4,100 Murascaill Ghuine


Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "An Foclóir Beag: abhainn" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2021-10-23.
  2. Plean Bainistíochta Curtha i gcartlann 2017-10-23 ar an Wayback Machine Abhantraí nEathach Banna (2009-2015)