Jump to content

An Úisbéiceastáinis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Úisbéiceastáinis
Oʻzbek tili, Ўзбек тили agus ئۇزبېك تیلى

Cineálteanga nádúrtha, macraitheanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais27,000,000 (2015)
Stáitan Úisbéiceastáin, an Afganastáin, an Táidsíceastáin, an Chirgeastáin, an Chasacstáin, an Tuircméanastáin, an Rúis, an Tuirc agus Daon-Phoblacht na Síne
Aicmiú teangeolaíoch
teangacha Tuircice
Common Turkic (en) Aistrigh
Karluk (en) Aistrigh
Western Karluk (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach, Aibítir Choireallach agus aibítir Arabach
Institiúid caighdeánaitheAlisher Navo'i Tashkent State University of Uzbek Language and Literature (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta1 sábháilte
Cóid
ISO 639-1uz
ISO 639-2uzb
ISO 639-3uzb
Glottologuzbe1247
Ethnologueuzb
ASCL4306
IETFuz

Teanga Tuircice is ea an Úisbéiceastáinis[1] nó an Úisbéicis (O‘zbek tiliЎзбек тили). Labhraíonn 30.7 milliún duine í, go háirithe san Úisbéiceastáin. Tá cuid mhór canúintí ann, agus iad an-difriúil le chéile, ach mar sin féin, tuigeann na hÚisbéicigh go léir an chanúint chaighdeánaithe.

Cosúil leis na teangacha Tuircice eile, fuair an Úisbéiceastáinis a lán focal ar iasacht ón bPeirsis agus ón Araibis. Thairis sin, áfach, d'imir an Pheirsis (nó an Táidsícis) an-tionchar ar fhuaimeanna na hÚisbéiceastáinise, ionas nach bhfuil comhcheol na ngutaí sa teanga chaighdeánach, cé gur ceann de na saintréithe is tábhachtaí é ag na teangacha Tuircice. Bíonn sé le fáil ina lán canúintí, áfach.

Roimh bhlianta an tSóivéadachais, ba nós leis na hÚisbéicigh a gcuid scríbhneoireachta a dhéanamh san aibítir Arabach. Tugtar "Chagatay" nó "Chag'otay" ar an gcineál caighdeán a bhí acu san am sin. Bhí an teanga Chagatay á saothrú ag lucht labhartha na dteangacha Tuircice ar fud Lár na hÁise go dtí gur thosaigh na húdaráis Shóivéadacha ag forbairt leaganacha caighdeánacha de na canúintí áitiúla agus ag cur na haibítre Coireallaí i bhfeidhm orthu. B'ansin a tháinig an Úisbéiceastáinis ar an bhfód an chéad uair mar theanga scríofa ar leith.

Nuair a tháinig deireadh le ré an Aontais Shóivéadaigh, chinn na hÚisbéicigh, cosúil lena lán eile de na náisiúin iar-Shóivéadacha a raibh teangacha Tuircice á labhairt acu, ar na litreacha Laidineacha a chur in ionad na litreach Coireallach. Murab ionann agus na náisiúin eile den chineál sin, áfach, ní dhearna siad aithris ar chóras litrithe na Tuircise. Roghnaigh siad scéim thraslitrithe nach mbeadh aon litir ann nárbh fhéidir a scríobh ar an méarchlár caighdeánach Meiriceánach. Mar sin, in áit sínte fada nó comharthaí foghraíochta eile den chineál sin a ghreamú de na litreacha, chuaigh siad i dtuilleamaí uaschamóga.

  1. “Úisbéiceastáinis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-18.