Jump to content

An Ríshliocht Sasánach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ardaisír a hAon

Bhí an ríshliocht Sasánach ag rialú na hIaráine sna blianta 224-651 i ndiaidh bhreith Chríost. Tháinig na Sasánaigh i ndiaidh na nArsaicídeach, nó na bPairtiach, nuair a bhris Ardaisír a hAon (nó Artaxerxes, mar a thug na Gréagaigh is na Rómhánaigh air) an cath ar Artabanus IV, rí deireanach na bPairtiach.

Tháinig deireadh leis an ríshliocht Sasánach sa bhliain 651, nuair a fuair trúpaí na Cailifeachta Arabaí an lámh ab fhearr ar Yazdegerd III.