Jump to content

Gallaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaGallaigh

Cineálgrúpa eitneach stairiúil
Ball deNa Ceiltigh
EapainmAn Ghaill
Tíreolaíocht
Ó dhúchasan Fhrainc
Le leanúintcultúr Gall-Rómhánach
Léarscáil na Gaille sa 1ú haois RC, ag léiriú suíomhanna coibhneasta trí cinn dá chuid treibheanna: Celtae (Gallaigh), Belgae agus Aquitani. Is ionann an réigiún agus an Bheilg, an Fhrainc, an Eilvéis, an Ísiltír, Iarthar na Ghearmáine agus Tuaisceart na hIodáile an lae inniu.

Ciníocha Ceilteacha ba ea na Gallaigh a bhí ina gcónaí san Ghaill le linn na hIarannaoise agus sa tréimhse Rómhánach (a bheag nó a mhór ón 5ú haois RC go dtí an 5ú haois AD). Bhí an Ghaill a thugtaí ar a dtír dhúchais. Labhair siad an Ghallais, teanga Ceiltise na Mór-Roinne.

Tháinig na Gallaigh chun cinn timpeall an 5ú haois RC mar shealbhóirí na dtraidisiún cultúrtha 'La Tène' i dtuaisceart na hAlpa (scaipthe ar fud na tailte idir an tSéin, an Réin Láir agus an Eilbe Uachtarach). Faoin 4ú haois RC, bhog siad fud fad na [[An Fhrainc|Fraince, na Beilge, na Spáinne, na Portaingéile, na hEilvéise, na Gearmáine Theas, na hOstaire, Phoblacht na Seice agus na Slóvaice mar atá anois ann, de thairbhe an smachta a bhí acu ar na bealaí trádála a bhain le habhainn na Róine,na Séine, na Réine, agus na Danóibe, agus go tapa leathnaigh siad isteach i dTuaisceart na hIodáile, na Balcáin, an Trasalváin agus na Galáite. Níor aontaíodh an Ghaill riamh faoi rialtóir nó rialtas amháin, ach bhí na treibheanna Gallacha in ann a gcuid fórsaí a aontú in oibríochtaí míleata ar scála mór. Bhí siad in ard a réime san 3ú haois luath RC. Chuir Poblacht na Róimhe, a bhí ag teacht chun cinn, ag deireadh an Chéad Chogaidh Púnaigh níos mó brú ar réimse tionchair na nGallach; D'fhógair Cath Telamon, sa bhliain 225 RC, meath de réir a chéile ar chumhacht na nGallach thar an 2ú haois, sular cuireadh an Ghaill faoi smacht sa deireadh i gCogaí na nGallach sna 50ú RC. Tar éis seo, rinneadh an Ghaill ina cúige den Impireacht Rómhánach, agus comhshamhlaíodh na Gaill i dtromlach na lonnaitheoirí Laidineacha (áitritheoirí Rómhánacha), ag cailliúint a bhféiniúlachtaí treibhe faoi dheireadh an 1ú haois AD.

Ba í an Ghallais a bpríomhtheanga go dtí gur tháinig an Laidin ina háit.