Gleasnast
Lipéad sa teanga dhúchais | (ru) гла́сность ![]() |
---|---|
Cineál | beartas ![]() |
Tír | an tAontas Sóivéadach ![]() |
![](http://178.128.105.246/host-http-upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/05/The_Soviet_Union_1988_CPA_5941_stamp_%28Perestroika_%28reformation%29._Workers_and_slogans_Speeding_Up%2C_Democratization._and_Glasnost_against_Kremlin_Palace._Cruiser_Aurora_and_revolutionary_soldiers%29.jpg/220px-thumbnail.jpg)
San Aontas Sóivéadach sna 1980idí, chiallaigh gleasnast (Rúisis: гласность, Béarla: glasnost, IPA: [ˈɡlasnəsʲtʲ] (éist))) 'oscailteacht' nó réchúiseachas.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí a fhios ag Míchail Gorbaitseov, ceannaire an Aontais Shóivéadaigh, sna 1980idí, go gcaithfeadh an APSS athrú ó bhun, idir chúrsaí polaitiúla agus chúrsaí eacnamaíocha, dá mb’áil leis fanacht beo. Spreag Gorbaitseov an pobal fosta, áfach, cáineadh cruthaitheach a dhéanamh ar an chóras chumannach .[1]
B'é an focal "gleasnast" (agus peireastráice) a tharraing Gorbachev chuige ag iarraidh a chuid leasuithe a shainmhíniú. Bhí na coincheapanna seo lárnach maidir le tuiscint a fháil ar an Rúis sna 1980idí.[2] D'athraigh an saol san Aontas ag an am, agus baineadh srianta na cinsireachta de na meáin chumarsáide, ionas go bhfuair muintir an Aontais cead cainte.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Míchail Gorbaitseov
- 'Peireastráice" (perestroika, "atógáil, athstruchtúrú" nó geilleagar ní b'oscailte)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmuid Ua Bruadair, St Mary's Béal Feirste. "An Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ curriculumonline.ie. "An Stair ː DRÉACHT-THREOIRLÍNTE DO MHÚINTEOIRÍ". Dáta rochtana: 2022.
![]() | Is síol faoin Rúise é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |