Martin Cahill
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 23 Bealtaine 1949 Baile Átha Cliath, Éire ![]() |
Bás | 18 Lúnasa 1994 45 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire ![]() |
Siocair bháis | Dúnbhású |
Áit adhlactha | Reilig Chnocán Iaróm ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | gadaí ealaíne ![]() |
![]() ![]() |
![](http://178.128.105.246/host-http-upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/40/%22Crime_Scene_Do_Not_Cross%22_tape_%283612094774%29.jpg/220px-%22Crime_Scene_Do_Not_Cross%22_tape_%283612094774%29.jpg)
Coirpeach míchlúiteach as Baile Átha Cliath in Éirinn ab ea Martin Cahill (23 Bealtaine, 1949 – 18 Lúnasa, 1994), a bhí freagrach as roinnt coireanna a fuair aird mhór ó na meáin in Éirinn.
Thug na nuachtáin an leasainm The General air chun leabhal a sheachaint agus iad ag trácht ar na hainghníomhartha a bhíodh idir lámhaibh aige.
Deireadh lena ré
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 18 Lúnasa 1984, d'fhág Cahill a thí i Ráth Maonais (Swan Grove). Lámhachadh é i Raghnallach, ag crosbhóthar Oxford agus Charleston.
Creidtear gurb é an tIRA a rinne é. Chuir an tIRA i leith Cahill go raibh sé ag díol pictiúirí goidte leis na sceimhlitheoirí Protastúnacha.
![](http://178.128.105.246/host-http-upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/7/73/Heroin1.jpg/220px-Heroin1.jpg)
De réir na teoirice eile, bhí beirt chomhchoirithe de chuid Cahill, Seán Mag Giollagáin agus Seán Mac Thréinfhir, tar éis sreang mhór díoltóireachta drugaí a chur ar bun. Thosaigh Cahill ag éileamh a chuid féin den bhrabús, rud nár thaitin leis an mbeirt eile.
Mar sin, chuaigh siad i dteagmháil leis an IRA, ag áitiú orthu siúd gurbh é Cahill an díoltóir mór drugaí agus go raibh sé ag iompórtáil héaróine. Bhí sé de pholasaí ag an IRA san am díoltóirí héaróine a mharú, agus mar sin, mharaigh siad Cahill. Ní féidir a rá, áfach, nach mbeadh páirtíocht choiriúil Cahill leis na Dílseoirí ina spreagadh breise acu le hé a mharú.
Scannán
[cuir in eagar | athraigh foinse]![](http://178.128.105.246/host-http-upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/e7/Brendan_Gleeson.jpg/220px-Brendan_Gleeson.jpg)
Sa bhliain 1998, stiúraigh John Boorman scannán dar teideal The General, agus é bunaithe ar imeachtaí beatha Cahill. B'é Brendan Gleeson a rinne an phríomhpháirt. Thabhaigh an scannán duais an stiúrthóra ab fhearr do Boorman i bhFéile Scannánaíochta Cannes.
Tá príomhcharachtar an scannáin Ordinary Decent Criminals le Kevin Spacey bunaithe ar Cahill freisin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |