Jump to content

Portach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Portach móna in Éirinn

Is éard is portach ann ná talamh bogaigh ina gcarnann go leor fásra marbh — súsán go minic — mar mhóin.[1] Tugtar caorán, criathrach, nó móinteán ar phortach freisin. Tá sé ar cheann de na ceithre chineál bogaigh atá ann (is iad eanach, riasc, muskeg agus seascann na cinn eile). Is minic a bhíonn siad faoi chlúdach fraoigh atá fréamhaithe sa súsán agus sa móin. Feidhmíonn an t-ábhar planda lofa i bportaigh mar linn charbóin thábhachtach.[2][3]

Portach, An Chloch Fhionn (Cloghfin), Tír Chonaill.[4] Athchóiriú 30,000 heicteár in Éirinn faoi bhealach sna 2020idí[5]

Cruthaítear portaigh nuair a bhíonn an t-uisce ar dhromchla na talún aigéadach agus ar bheagán cothaitheach. Go hiondúil, faightear portach ar thalamh bog fionnuisce a bhfuil ábhar planda lofa air (ar a dtugtar móin), agus in aeráidí tuaisceartacha níos fuaire.[6] I gcodarsnacht le heanaigh, faigheann siad an chuid is mó dá gcuid uisce ó fhrasaíocht seachas ó screamhuisce nó ó uisce dromchla atá lán de mhianraí.[7]

Tá dath donn sainiúil ag uisce a shreabhann as portach, dath a thagann ó thainniní móna tuaslagtha. Go ginearálta, fásann plandaí i bportach sách mall mar thoradh ar an aeráid fhionnuar, ach tá an lobhadh fiú níos moille mar gheall ar leibhéil ísle ocsaigine in ithreacha sáithithe an phortaigh. Mar sin, carnann móin thar am, agus is féidir le limistéir mhóra a bheith faoi chlúdach domhain móna, roinnt méadar ar doimhneacht.[1][8]

Faightear éagsúlacht shainiúil speiceas i bportaigh, idir ainmhithe, fungais, agus plandaí, agus tá tábhacht ar leith ag baint leo ó thaobh na bithéagsúlachta de, go háirithe i gceantair áitrithe ina ndéantar feirmeoireacht.

Portaigh in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ritheadh An tAcht um Fhiadhúlra (Leasú), 2023[9] agus an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Bithéagsúlacht, 2023 don tréimhse 2023-2030.[10][11] Tá ar gach údarás áitiúil in Éirinn plean bithéagsúlachta dá gcuid féin a chur i dtoll a chéile, a nuashonrú agus a chur i ngníomh. Cuireadh acmhainn bhreise ar fáil don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, de réir an phlean, le dul i ngleic le daoine agus le heagraíochtaí a sháraíonn an dlí.[12]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Keddy, P.A. (2010). "Wetland Ecology: Principles and Conservation" (2nd ed.). Cambridge University Press. ISBN 978-0521739672. 
  2. "British Soil Is Battlefield Over Peat, for Bogs' Sake". The New York Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 7 Deireadh Fómhair 2012.
  3. Peatlands and climate change” (en). IUCN (2017-11-06). Dáta rochtana: 2019-08-15.
  4. "An Chloch Fhionn/Cloghfin" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2024-02-28.
  5. euractiv.com (20 Meitheamh 2023). "Nature needs to be restored quickly, says Irish minister" (en-IE). Dáta rochtana: 2024.
  6. Bog” (en). education.nationalgeographic.org. Dáta rochtana: 2023-02-25.
  7. Rydin, Håkan (2013). "The biology of peatlands" (Second ed.). ISBN 978-0-19-150828-8. OCLC 861559248. 
  8. Gorham, E. (1957). "The development of peatlands". Quarterly Review of Biology 32 (2): 145–66. doi:10.1086/401755. 
  9. oireachtas.ie (2023). "An tAcht um Fhiadhúlra (Leasú), 2023". Dáta rochtana: 2024.
  10. "National Biodiversity Action Plan | National Parks & Wildlife Service". www.npws.ie. Dáta rochtana: 2024-02-27.
  11. npws.ie (2023). "Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Bithéagsúlacht 2023–2030" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024.
  12. Nuacht RTÉ / Ciarán Lenoach (2024-01-25). "Plean Bithéagsúlachta athnuaite le dúil tuilleadh meatha a chosc" (as ga-IE).